le Dónal Hassett
Deirtear nach sheasann sac folamh agus is cosúil go mbeidh sac na Gaeilge I bParlaimint na hEuropa an-fholamh tar éis na toghcháin a dtarlóidh ar an 6ú Meitheamh. Ó gur éirigh Seán Ó Neachtain, fíor-Gaealgóir a raibh ina haonair thall i Strasbourg, as a phost, is oth liom a rá go bhfuil an cosúlacht ann nach mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil i mbinsí na chéad Parlaiminte eile.
I mBaile Átha Cliath, tá deich bpolaiteoirí san iomaíocht agus níl ach trí suíocháin le fáil an babhta seo. Is léir nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomh thósaíocht i measc vótáilí na bpríomhchathracha ach le stadas bainte amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil don Aontas Europach, ní foláir go úsáidtear an Ghaeilge sa Pharlaimint chun í a chaomhnú agus a chothú ar scáileán Eorpach. Ba é Seán Ó Neachtain an Feisire amháin a labhraíodh i gcónaí as Ghaeilge agus ní gur minic a gcloiseadh ionadaí na bpríomhchathracha ag labhair príomh-theanga oifigúil na tíre.
Cinnte gur obirigh ár bhFeisirí go léir ar son an fheactais ‘STADAS’ ach i mo thuairim, tá deis iontach ag ár bhFeisirí an teanga a chur chun cinn ar scáileán idirnáisiúnta, deis nach bhfuil ag ár n-ionadaí sna Náisiúin Aontaithe mar shampla, mar is é an t-Aontas Europach an eagraíocht idirnáisiúinta amháin a ghlacann leis ár dteanga náisiúnta le haghaidh cumarsáid oifigiúil.
Le blianta anuas, tá a sheacht ndícheall déanta ag an Aontas Europach chun tús a chur le athnuachán na Gaeilge i measc mhuintir na h-Éireann, go háirithe i measc óige na tíre, ar fud an oileáin. I mo thuairim, mar shaoránach Eorpach óg atá ag iarradh feabhasú a chur ar a chuid Gaeilge féin, ní foláir do ghach aon iarrthóir iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid thall sa Bhruiséil ionas nach féidir le polaiteoirí Europaigh an dul chun cinn atá bainte amach againne a scriosadh in ainm rialú buiséid.
Thursday, May 21
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment