Le Gabrielle Campion
Dúirt 75% d’iarrthóirí sa Toghchán Eorpach go labhróidís an Ghaeilge sa Pharlaimint sa Bhruiséil. Dúirt siad é seo agus iad ag freagairt súirbhé de chuid Chonradh na Gaeilge a foilsíodh an tseachtain seo caite.
Bíonn fáthanna ar leith ag baint le gach rogha iarrthóra, mar shampla, na rudaí a dhéanfadh siad ar son seandaoine, na polasaíthe atá acu mar gheall ar an timpeallacht srl. agus do dhaoine áirithe, bíonn an Ghaeilge mar bhunchloch a rogha.
Mar gheall ar an nGaeilge sa pharlaimint cheana féin, dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, “Tá dea-shampla ó thaobh labhairt na Gaeilge léirithe ag iar-fheisirí na hEorpa cheana, agus is ábhar dóchais don Chonradh agus do phobal na Gaeilge é go bhfuil tromlach na n-iarrthóirí sa toghchán seo chomh toilteanach, sásta céanna tabhairt faoin nGaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa má thoghtar iad.”
Chun seasamh gach iarrthóir a shoiléiriú, chuaigh Conradh na Gaeilge i dteagmháil leis na hiarrthóirí ó na príomhpháirtithe polaitíochta mar chuid d’fheachtas atá ar bun acu. Tá siad ag iarraidh ar an bpobal tacaíocht a thabhairt do na hiarrthóirí is mó a bhfuil sásta tacú leis an nGaeilge san Eorap.
D’iarr an Conradh dhá cheist difriúla ar na hiarrthóirí
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?
nó
(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?
Ón 75% d’iarrthóirí a d’fhreagair go dearfach, dúirt 27% acu go bhfuil siad ag úsáid na Gaeilge sa Pharlaimint, sa Dáil nó sa Chomhairle Chontae cheana féin. Dúirt 70% acu go gcuiridís feabhas ar a gcuid Gaeilge má thoghfar iad. Dúirt an 3% eile go raibh an Ghaeilge go líofa acu cheana agus go raibh siad ag súil léí a húsáid sa pharlaimint.
Dúirt 55% de na hiarrthóirí go gcabhróidís le deireadh a chur leis an maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Is éard atá i gceist leis an maolú seo ná nach mbíonn ar an Aontas Eorpach gach dlí a chur ar fáil as Gaeilge ach amháin rialacháin a dhéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa in éineacht a chéile.
Dúirt duine amháin de na hiarrthóirí a d’fhreagair an ceistiúchán nach labhródh sé an Ghaeilge agus nach ndéanfadh sé iarracht feabhas a chur ar a chuid Gaeilge chun é seo a dhéanamh.
Tá freagraí na n-iarrthóirí uilig agus tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chonradh na Gaeilge www.cnag.ie
Thursday, June 4
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment