Tuesday, May 12

Céard is féidir leis na daoine seo a dhéanamh domsa?

Le Gabrielle Campion

An bhfuil suim ag an aos óg sa toghchán? Céard atá ag cur isteach orainn? Céard atá ag teastáil uainn ó na hiarrthóirí? Labhair Gabrielle Campion le Katie de Búrca, cailín 22 bhliain d'aois, faoin a cuid tuairimí ar an toghchán atá ag teacht.

Gabrielle: An bhfuil a fhios agat cé a bheidh ag dul sa rás i dToghchán na hEorpa i dtoghcheantar an iar-thuaiscirt?

Katie: Caithfidh mé a rá nach bhfuil morán eolais agam faoi i ndáiríre ach tá beagáinín cloiste agam mar gheall ar an bhfear sin Declan Ganley i nGaillimh.

Gabrielle: Céard atá cloiste agat?

Katie: Chuala mé go bhfuil feachtas mór ar bun aige agus go bhfuil a lán páipéarachas ag baint leis agus go bhfuil a aghaidh le feiceáil i ngach áit.

Gabrielle: Meas tú go an mbíonn tionchar mór ag póstaeir na n-iarrthóirí ar dhaoine?

Katie: Is dócha go mbíonn, ar dhaoine óga cosúil liomsa, ach go háirithe, toisc go mbíonn aithne agat ar na haghaidheanna cé nach mbíonn a fhios agat céard a dhéanann siad agus tú ag vótáil.

Tá Katie ina cónaí ar Inis Oírr, ar oileáin Árann, faoi láthair, cé gurb as Béal Átha na Sluaighe di ó dhúchas.

Gabrielle: Céard a cheapann tú faoin gcaoi a mbíonn ar mhuintir na n-oileán vóta a chaitheamh roimh an chuid eile den tír?

Katie: Ní cheapaim go bhfuil morán eolais ag muintir na n-oileán faoin toghchán ar aon nós mar tá na póistéir crochta ar fud na háite i nGaillimh agus ar an mórthír ach níl mórán anseo agus mar sin ní dhéanfadh sé mórán difríocht ar aon nós. Ach níl ansin ach mo thuairim féin!

Gabrielle: Le himeacht Sheáin Uí Neachtain, duine de na daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge sa Pharlaimint Eorpach, meas tú an mbeidh drochthionchar ar an nGaeilge san Eoraip?

Katie: Bhuel, is mór an trua é ach ag an am céanna ní dóigh liom go ndéanann sé mórán difríocht do na rudaí a bhíonn ar siúl ar son na Gaeilge ann.

Gabrielle: An gceapann tú go bhfuil go leor á dhéanamh ag iarrthóirí sa toghcháin chun daoine óga a mhealladh?

Katie: Bhuel, nach mbíonn siad ag usáid facebook srl? Ach seans narbh é sin an rud is fearr le déanamh. Bíonn daoine óga, mé féin san áireamh, ag breathnú orthu agus ag ceapadh nach bhfuil siad ach ag iarraidh bheith ag breathnú 'cool' agus nach bhfuil clú acu céard atá ar siúl ar chor ar bith. Ach fós féin, is dócha go n-ardaíonn rudaí mar sin a bpróifíl cé nach bhfuil an toradh a bhfuil siad á lorg á bhaint amach acu!

Gabrielle: Céard is féidir leo a dhéanamh chun daoine óga a mhealladh mar sin?

Katie: D'fhéadfaidís rudaí níos praicticiúla a dhéanamh. Tá an cosúlacht ann go bhfuil siad go léir mar an gcéanna, bíonn siad ag caint is ag caint is ag caint agus gan mórán á dhéanamh acu. Ach i mo thuairimse b'fhearr dóibh comhdháil a reachtáil le grúpa daoine óga chun a fháil amach céard go díreach atá ag teastáil uathu.

Ba é dífhostaíocht na tíre an rud is mó a chuir as do Katie. Bhí sí buartha go raibh geallúintí á dtabhairt ag na hiarrthóirí nach bhféadfaidís a chur i bhfeidhm. “In am mar seo,” a dúirt sí, “cé gur rud mór é infrastruchtúr na tíre agus a leithéid, táimid ag iarraidh post. Tá céim bainte amach agam, tá iarchéim bainte amach agam, agus fós ní féidir liom post a fháil. Céard is féidir leis na daoine seo a dhéanamh domsa?”