Ag spreagadh suime san Eoraip – cur chuige nua!
Le Séamus Mac SuibhneMar chuid de cheiliúradh do Lá na hEorpa ar an Satharn 9 Bealtaine, bhí cur chuige suimiúil ag European Movement Ireland agus iad i mbun “flash mobbing” i lár chathair na Gaillimhe. Bhí 30 ball den eagraíocht gléasta i t-léinte ildaite agus bhuaileadar le chéile ag áiteanna mórthimpeall na cathrach ar nós an Fhaiche Mhór agus Sráid na Siopaí chun na t-léinte seo a thaispeáint don phoball gan choinne. Mar aon le seo bhí siad ag béiceadh rudaí ar nós “Europe Day 2009” agus ag buaileadh bos chun tuilleadh aire a tharraingt orthu féin. Bíonn Lá na hEorpa á cheiliúradh chuile bliain i gcoimhne bhunú an Aontais Eorpaigh agus bíonn imeachtaí ar siúl i roinnt tíortha san Aontas Eorpach.
Is í aidhm an imeachta seo ná daoine a spreagadh chun dul i mbun cainte agus machnaimh faoin Eoraip, dar le Príomhfheidhmeannach European Movement Ireland Andrea Pappin. “We are an independent organization who want to answer people’s questions about Europe, but in plain English. We want to get people to just take five minutes to think about what role we want to play at the European table. We are doing this a little more uniquely by flash mobbing in the middle of Galway”, a dúirt Andrea Pappin.
Bhí na baill ar fáil chun ceisteanna bunaithe ar ghnóthaí na hEorpa a fhreagairt. Leis na toghcháín Eorpacha ag teacht ar an 5 Meitheamh agus reifreann ar Chonradh Liospóin le teacht ina ndiaidh, bhí léar mór tuairimí curtha faoi bhráid na mball agus iad ag freagairt ceisteanna sa chathair. Rud a bhí suimiúil ná an dearcadh dearfach a bhí ag daoine óga i leith na hEorpa, i gcontrártha leis an vóta ard “Níl” a bhí i nGaillimh sa reifreann ar Chonradh Liospóin an bhliain seo caite. Bhí daoine óga agus mic léinn go ginearálta an-dearfach i leith na hEorpa, dar le ball amháin den eagraíocht Rosella Virdo.
Cé nár tháinig gach duine le tuairimí na ndaoine óga, bhí tuairimí láidre ag gach duine a chasadar leo. Dúirt Eoghan Mc Ilwaine, ball den eagraíocht, go raibh gach uile duine an-dearfach nó an-diúltach i leith na hEorpa agus go raibh tuairimí ag gach duine. Ní raibh gach duine sásta dul i mbun cainte leo áfach agus rinne Eoghan tagairt do na deacrachtaí a bhí os a gcomhair i rith na lae. “There was one guy who shouted at us “We don’t get to elect our leaders in Europe” and then just ran away before we could say anything to him!
Níl dabht ar bith ach gur éirigh leis an ócáid seo suim an phobail a spreagadh i nGaillimh agus ba cheart go gcuideodh sé seo an meon diúltach atá ag daoine i leith na hEorpa agus na dtoghchán Eorpach a athrú. B’fhéidir go spreagfar grúpaí eile nó iarrthóirí sna toghcháin fiú chun tabhairt faoi bhealaí éagsúla suimiúla chun a dteachtaireachtaí a chur trasna chuig na vótálaithe atá chucu. Tá súil agam go dtiocfaidh an cur chuige seo síos chuig deisceart na tíre ar ball…beidh le fios!